Header Image Placeholder

Tuarascáil Bhliantúil 2011 

Ráiteasmaidir le Beartais Chuntasaíochta

Main Text Placeholder

feidhmíodh na beartais chuntasaíochta seo a leanas go comhsheasmhach nuair a bhíothas ag déileáil le míreanna a measadh a bheith ábhartha do ráitis airgeadais an ghrúpa.

1. Bunús An Ullmhúcháin

Tá na ráitis airgeadais ullmhaithe faoin gcoinbhinsiún chostas stairiúil de réir dlí infheidhme agus Cleachtas Cuntasaíochta a bhfuil Glacadh go Ginearálta leo in Éirinn agus ar a áirítear orthu comhlíonadh chaighdeáin tuairiscithe airgeadais Bhord um Chaighdeáin Chuntasaíochta arna bhfógairt in Éirinn ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn.

2. Bunús An Chomhdhlúthaithe


Áirítear ráitis airgeadais na Cuideachta agus a foghnóthais (ach amháin Comhlacht Crannchur Náisiúnta An Post) ar na ráitis airgeadais comhdhlúite suas go deireadh na bliana airgeadais. Áirítear torthaí na bhfoghnóthas a fuarthas nó a bhí diúscartha i rith na bliana ar an gcuntas brabúis agus caillteanais comhdhlúite ón dáta a fuarthas iad nó suas go dtí an dáta diúscartha. Nuair a fhaightear gnó, cuirtear luach cothrom ar na glansócmhainní a fuarthas, ar féidir iad a aithint. Déileáiltear le cáilmheas ar éadálacha mar atá leagtha amach thíos. Mura mbíonn bliain airgeadais fhoghnóthais ag réiteach le bliain airgeadais na mátharchuideachta, comhdhlúitear ráitis eatramhacha airgeadais a ullmhaíonn an fhochuideachta ag deireadh bhliain airgeadais na máthairchuideachta i ráitis airgeadais an Ghrúpa.

Is í an t-aon ghníomhaíocht de chuid Comhlacht Crannchur Náisiúnta An Post ná an Crannchur Náisiúnta a fheidhmiú faoi cheadúnas an Aire Caiteachais, Phoiblí agus Áthchóirithe de réir fhorálacha an Achta um Chrannchur Náisiúnta, 1986 agus beidh an barrachas a ghinfear gach bliain inchurtha go hiomlán i leith Ciste an Chrannchuir Náisiúnta atá faoi bhainistíocht agus rialú an Aire. Dá réir sin, ní bhíonn baint ag An Post leis an mbarrachas a bhíonn ginte ag Comhlacht Crannchur Náisiúnta agus freisin níl An Post i dteideal aon chearta ar shócmhainní na cuideachta sin. Ar an mbunús sin, de réir fhorálacha an Chaighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Uimh. 2 ‘Cuntasaíocht d’Fhoghnóthais’, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Grúpchuntais), 1992, níl ráitis airgeadais Chomhlacht Crannchur Náisiúnta istigh leis na ráitis airgeadais comhdhlúite. Foilseofar ráitis airgeadais ar leith Chomhlacht Crannchur Náisiúnta An Post i Abreáin 2012.

Is ionann gnóthais chomhfhiontair (comhfhiontair) agus na gnóthais sin ina bhfuil leas fadtéarmach ag an nGrúpa agus a bhfuil smacht aige orthu i gcomhar le páirtí eile.

Is ionann gnóthais chomhlachtaithe agus gnóthais ina bhfuil leas rannpháirtíoch ag an nGrúpa ina gcothromas caipitil agus tionchar suntasach aige air dá réir.

Tugtar cuntas i gcomhfhiontair agus fiontair chomhlachais ag úsáid modh an ollchothromais agus an modh cothromais faoi seach. Áirítear cion an Ghrúpa den bhrabús lúide caillteanais na gcomhfhiontar agus na bhfiontar comhlachais sa chuntas brabúis agus caillteanais comhdhlúite, agus áirítear a leasanna ina nglansócmhainní nó ina ndliteanas, seachas cáilmheas, mar infheistíochtaí sócmhainní seasta sa chlár comhordaithe comhdhlúite.

Tá na méideanna a áirítear sna ráitis comhdhlúite airgeadais maidir le brabúis iaréadúla na gcomhfhiontar agus na bhfiontar comhlachais tógtha as na ráitis iniúchta airgeadais is déanaí uathu a rinneadh suas go dtí dáta an chlár comhardaithe.

Léirítear infheistíocht i gcomhfhiontair agus i gcomhlaigh i gclár comhardaithe na Cuideachta mar shócmhainní seasta airgeadais agus déantar iad a luacháil ag a gcostas lúide soláthairtí do laigí i luach.

3. Láimhdeachas

Aithnítear láimhdeachas mar sheirbhísí atáthar ag soláthar agus atá comhdhéanta d’ioncam as postas, seirbhísí gníomhaireachta, na táillí as seirbhísí seoltán, seirbhísí teachtairí agus seirbhísí loighistice, seirbhísí comhairleoireachta, seirbhísí airgeadais, cíosanna agus ioncam as ús. Faightear ioncam as seirbhísí gníomhaireachta i ndáil le seirbhísí a sholáthar do Ranna Rialtais, do Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, do Chomhlacht Crannchur Náisiúnta An Post, agus comhlachtaí eile. Tá méideanna a shealbhaítear i bhfeidhmiú na seirbhísí gníomhaireachta sin san áireamh i méideanna a shealbhaítear in iontaobhas in airgead sa bhanc agus ar lámh.

Aithnítear ioncam as postas sa chuntas brabúis agus caillteanais mar a dhéantar díolacháin le coigeartú stampaí a díoladh agus stampaí nár baineadh úsáid astu agus iarmhéideanna sna meaisíní postmhéadair nach bhfuil ídithe ag deireadh na bliana. Aithnítear ioncam eile, ioncam gníomhaireachta agus ioncam seirbhíse go príomha, nuair a sholáthraítear an tseirbhís bhunúsach.

4. Seirbhísí Coigiltis

Feidhmíonn an Chuideachta, ar bhonn gníomhaireachta agus ar son luach saothair comhaontaithe, Banc Taisce An Phost agus seirbhísí eile coigiltis do Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a ghníomhaíonn thar cheann an Aire Airgeadais.

Seoltar na cistí chuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta go rialta. Tá sócmhainní agus dliteanais seirbhísí coigiltis den sórt sin dílsithe don Aire Airgeadais agus dá réir sin ní áirítear iad sna ráitis airgeadais seo.

5. Deontais

Déantar na deontais bunaithe ar ioncam a chreidiúnú chuig an gcuntas brabúis agus caillteanais chun an caillteanas a fhreagraíonn dóibh a fhritháireamh.

Aithnítear na deontais chaipitil a fhaightear agus atá infhaighte faoi scéimeanna AE-chuidithe nuair a fhaightear iad nó nuair atáthar beagnach cinnte go bhfuil siad ag teacht.

Déileáiltear le deontais chaipitil mar ioncam iarchurtha agus amúchtar iad chuig an gcuntas brabúis agus caillteanais ar bhonn atá comhsheasmhach le beartas dímheasa na sócmhainní seasta inláimhsithe gaolmhara.

6. Sócmhainní Seasta Inláimhsithe

Luaitear sócmhainní seasta inláimhsithe mar a gcostas lúide dímheas carntha.

Níl talamh ruílse ná talamh léasachta fada faoi réir dímheasa. Cuirtear dímheas ar shócmhainní seasta inláimhsithe eile de mhuirear ar an gcuntas brabúis agus caillteanais ar bhonn dronlíneach chun na sócmhainní sin atá coigeartaithe le haghaidh luach iarmharach maidir le hionchas marthana úsáideach measta gach catagóra a dhíscríobh. Athbhreithnítear fuíoll ionchais marthana úsáideach na sócmhainní agus a luachanna iarmharaigh ar bhonn rialta.

Bíonn éifeacht le dímheas ar bhreiseanna ón gcéad lá den mhí tar éis iad a choimisiúnú agus ar dhiúscairtí suas go dtí deireadh na míosa a scoirtear iad.


Seo a leanas na hionchais mharthana measta:

Blianta

Foirgnimh Ruíleasa agus léasachta fada

20 - 50

Leas in Ard-Oifig an Phoist

50

Feithiclí Mótair

5

Trealamh Ríomhaireachta agus Oibriúcháin

3 - 10

7. Léasanna Oibriúcháin

Cuirtear léaschíosanna oibriúcháin de mhuirear ar an gcuntas brabúis agus caillteanais ar bhonn dronlíneach thar théarma an léasa.

8. Cáilmheas

Caipitlítear agus amúchtar cáilmheas ar éadálacha a léiríonn farasbarr den phraghas ceannaigh ar luach chóir na nglansócmhainní nó na nglandliteanais inaitheanta a fuarthas, chuig an gcuntas brabúis agus caillteanais ar bhonn dronlíneach thar a ionchas marthana usáideach de dheich mbliana. Athbhreithnítear luach iompair cáilmheasa go bliantúil agus foráiltear d’aon lagú i luach. Ar dhiúscairt gnó, cuirtear aon cháilmheas san áireamh ar bhreithniú brabús nó caillteanas dhíolachán an ghnó.

9. Sócmhainní Seasta Airgeadais

Taispeántar sócmhainní seasta airgeadais ag costas luaite forálacha le haghaidh lagú i luach. Aithnítear ioncam ó shócmhainní seasta airgeadais, maille le haon chreidmheas cánach a bhaineann leo, i gcuntas brabúis agus caillteanais na bliana a bhfuil siad infhaighte.

10. Cánachas

Soláthraítear cáin reatha lena n-áirítear cáin chorparáide na hÉireann agus cáin (cánacha) coigríche ar bhrabúis incháinithe, mar mhéideanna a mheastar a íocfar (nó a bheidh aisghafa) agus na rátaí cánach agus na dlíthe atá achtaithe nó achtaithe a ndóthain faoi dháta an chláir chomhardaithe.

Tugtar aitheantas do cháin iarchurtha i leith gach difríocht uainiúcháin a tháinig chun cinn ach nach bhfuil aisiompaithe faoi dháta an chláir chomhardaithe. Foráiltear dó sin ag na rátaí a mheastar a bheidh infheidhme nuair a aisiompófar na difríochtaí uainiúcháin. Is éard is difríochtaí uainiúcháin ann ná difríochtaí idir brabúis incháinithe an Ghrúpa agus torthaí an Ghrúpa, mar a luaitear sna ráitis airgeadais, a eascraíonn as gnóthachain agus caillteanais a chuimsiú i mbrabúis incháinithe le linn thréimhsí eile seachas na tréimhsí a dtugtar aitheantas dóibh sna ráitis airgeadais.

Feictear glansócmhainn chánach iarchurtha mar cheann in-aisghabhála agus ní thugtar aitheantas di dá bhrí sin, ach amháin nuair a fhéadfar a fheiceáil, ar bhonn na fianaise ar fad a bheidh ar fáil, gur dóigh go mbeidh brabúis incháinithe chuí ar fáil a mbeifear in ann aisiompú na mbundifríochtaí uainiúcháin amach anseo a bhaint astu.

Tugtar aitheantas do cháin iarchurtha i leith tuilleamh coimeádta de chuid fochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh thar lear chomh fada agus go bhfuil díbhinní fabhraithe nó infhaighte nó go bhfuil comhaontú ceangailteach déanta ag an bhfochuideachta, an comhfhiontar nó an fiontar comhlachais seanghnóthacháin a dháileadh amach anseo faoi dháta an chláir chomhardaithe.

11. Pinsin

Cuireann an grúpa pinsin ar fáil dá chuid fostaithe faoi scéimeanna aoisliúntais sochair sainmhínithe agus scéim ranníoca sainmhínithe. Beidh aiscí scoir iníoctha do mháistrí poist a bheidh ag obair mar ghníomhairí agus do roinnt fostaithe neamh-inphinsin faoi ghnáth imthosca.

I ndáil leis an scéim ranníoca sainmhínithe, bíonn ranníoca fabhraithe agus aitheanta i mbrabús nó caillteanas oibriúcháin sa tréimhse a ghnóthaíonn na fostaithe cuí iad.

Maidir leis na scéimeanna sochair sainmhínithe, nochtaítear an difríocht idir luach margaidh shócmhainní na scéime agus luach reatha dhliteanais na scéime measúnaithe achtúire, a bhíonn ríofa ag úsáid modh creidmheasa aonaid fortheilgthe, mar shócmhainn/dhliteanas sa chlár comhardaithe, glan ó cháin iarchurtha (chomh fada agus a meastar iad a bheith in-aisghabhála).

Is é an méid a ghearrtar ar bhrabús oibriúcháin chostas measúnaithe achtúire na sochair pinsin a bhíonn geallta d’fhostaithe a bhíonn gnóthaithe i rith na bliana móide aon fheabhsúcháin sochair a bhíonn deonaithe do chomhaltaí i rith na bliana.

Léirítear an toradh ionchais ar shócmhainní na scéime pinsin i rith na bliana agus an t-ardú i ndliteanais na scéime a bhíonn dlite de bharr deireadh na lascaine i rith na bliana mar chostais airgeadais sa chuntas brabúis agus caillteanais.

Aithnítear aon difríocht idir thoradh ionchais ar shócmhainní agus an méid a fuarthas i ndáiríre agus aon athruithe ar dhliteanais de bharr athruithe i mbonn tuisceana nó de bharr go raibh taithí iarbhíre i rith na bliana difriúil don méid a glacadh leis, mar ghnóthachain agus caillteanais achtúireach sa ráiteas de ghnóthachain agus caillteanais aitheanta iomlána.

I ndáil leis an dliteanas neamhmhaoinithe maidir le haiscí scoir, déantar luach reatha an dliteanais measúnaithe achtúire a thaifeadadh in iomlán sa chlár comhardaithe agus méadaítear é do chostas shochair bhreise a ghnóthaítear an bhliain a ghearrtar ar an mbrabús oibriúcháin.

Léirítear deireadh na lascaine ar an dliteanas mar chostas airgeadais sa chuntas brabúis agus caillteanais. Breithnítear athruithe ar dhliteanas mar thoradh ar athruithe i mbonn tuisceana tomhais nó de bharr go bhfuil taithí iarbhíre difriúil don méid a glacadh leis a bheith mar ghnóthachan nó caillteanas achtúireach agus áirítear iad sa chuntas de ghnóthachain agus caillteanais aitheanta iomlána.

12. Airgeadraí Coigríche

Déantar idirbhearta a bhíonn ainmnithe in airgeadra coigríche a aistriú go euro ag an ráta a bhíonn i bhfeidhm ag dátaí na n-idirbhearta. Aistrítear sócmhainní agus dliteanais airgid a bhíonn ainmnithe in airgeadra coigríche go dtí euro ag an ráta malartaithe a bhíonn i bhfeidhm ag dáta an chláir chomhardaithe nó ag rátaí conartha réamhcheannacháin más infheidhme. Déileáiltear le difríochtaí malartaithe sa chuntas brabúis agus caillteanais.

Aistrítear torthaí de chuid fochuideachtaí thar lear go euro ag an meánráta malartaithe don tréimhse sin. Aistrítear sócmhainní agus dliteanais de chuid fochuideachtaí thar lear go euro ag na rátaí malartaithe a bhíonn i bhfeidhm ag dáta an chláir chomhardaithe. Tuairiscítear na difríochtaí aistrithe mar ghluaiseacht ar chúlchistí.