Header Image Placeholder

Tuarascáil Bhliantúil 2011 

Ráiteas maidir le Freagrachtaí na Stiúrthóirí

Main Text Placeholder

Tá na stiúrthóirí freagrach as an tuarascáil bhliantúil agus na ráitis airgeadais a ullmhú, de réir dlí agus rialachán infheidhme.

Ceanglaíonn dlí Cuideachtaí ar na stiúrthóirí ráitis airgeadais an Ghrúpa agus na máthairchuideachta a ullmhú do gach bliain airgeadais. Faoin dlí sin, thogh na stiúrthóirí go n-ullmhódh siad ráitis airgeadais an ghrúpa agus na máthairchuideachta de réir Chleachtas Cuntasaíochta Inghlactha go Ginearálta in Éirinn, atá comhdhéanta de dhlí infheidhme agus na caighdeáin chuntasaíochta arna eisiúint ag an mBord Caighdeán Cuntasaíochta agus atá fógartha ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn.

Ceanglaíonn an dlí go mbeadh ráitis airgeadais an Ghrúpa agus na máthairchuideachta á n-ullmhú chun léargas fíor agus cothrom a thabhairt ar staid chúrsaí an Ghrúpa agus na máthairchuideachta agus ar bhrabús agus caillteanas an Ghrúpa don tréimhse sin.

Agus ráitis airgeadais an Ghrúpa agus na máthairchuideachta á n-ullmhú, ceanglaítear ar na stiúrthóirí:

  • beartais chuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus iad a fheidhmiú go seasta;
    breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh a bhíonn réasúnach agus stuama; agus
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh, sin mura mbíonn sé mí-oiriúnach glacadh leis go leanfaidh an Grúpa i mbun gnó.

Tá na stiúrthóirí freagrach as leabhair chuntais chuí a choinneáil a léiríonn le cruinneas réasúnach ag aon tráth staid airgeadais an Ghrúpa agus na Cuideachta agus a chuireann ar a gcumas a chinntiú go mbíonn na ráitis airgeadais ag cloí le hAchtanna na gCuideachtaí 1963 go 2009. Tá siad freagrach freisin as sócmhainní an Ghrúpa agus na cuideachta a chosaint agus as sin, céimeanna réasúnacha a ghlacadh chun calaois agus mírialtachtaí eile a chosc agus a bhrath.

Tá na stiúrthóirí freagrach freisin as Tuarascáil na Stiúrthóirí a ullmhú a chomhlíonann ceanglais Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 2009.

Tá na stiúrthóirí freagrach as cothabháil agus ionracas na faisnéise airgeadais agus corparáidí atá ar láithreán gréasáin na Cuideachta. D’fhéadfadh go bhfuil reachtaíocht i bPoblacht na hÉireann a rialaíonn ullmhú agus scaipeadh ráiteas airgeadais éagsúil ó reachtaíocht i ndlínsí eile.

Thar ceann an Bhoird
John Fitzgerald
Cathaoirleach
Donal Connell Stiúrthóir
22 Márta 2012