Ráiteas na Stiúrthóirí Maidir Leis Córais Chuntasaíochta
Ráiteas na stiúrthóirí maidir le géilliúntas le treoir an rialtóra maidir le córais chuntasaíochta an post mar a éilítear faoi acht um rialáil chumarsáide (seirbhísí poist) 2011
Faoin Acht um Rialáil Chumarsáide (Seirbhísi Poist) 2011 tá an Coimisiún um Rialáil Chumarsáide ainmnithe mar údarás rialála náisiúnta don earnáil phoist agus tá An Post ainmnithe mar sholáthróir uilíoch seirbhíse.
Faoin Acht, ní mór do nósanna imeachta cuntasaíochta An Post a bheith dá rialáil de réir treoracha atá leagtha síos ag ComReg agus de réir fhorálacha faoi leith an Achta. D’eisigh ComReg treoir do An Post an 8 Nollaig, 2006, a leag amach riachtanais shonracha an rialtóra i ndáil le córais chuntasaíochta An Post (An Treoir).
Tugann na stiúrthóirí aitheantas dá bhfreagracht forálacha cuntasaíochta de chuid na Rialachán, agus na Treorach a chomhlíonadh agus léiríonn an ráiteas seo a leanas an tslí ar fheidhmigh An Post na forálacha cuí de chuid an Achta agus na Treorach don bhliain chuntasaíochta dar tús an 1 Eanáir, 2011.
Taifid Airgeadais agus Córais Chuntasaíochta
Tá an méid sonraí atá riachtanach faoin Treoir, sna taifid airgeadais agus sna córais chuntasaíochta atá ag cothabháil ag An Post lena chur ar chumas na bainistíochta a chinntiú go gcomhlíonfaidh siad forálacha cuntasaíochta de chuid na Rialachán. Tá cuntais ar leithligh á gcothabháil do gach ceann de na seirbhísí laistigh den earnáil fhorchoimeádta agus den earnáil neamhfhorchoimeádta.
Cuntais Dheighilte
Tá cuntais dheighilte bhrabúis agus caillteanais agus ráitis ar ghlansócmhainní á n-ullmhú le cur faoi bhráid ComReg don bhliain dar críoch 31 Nollaig, 2011. I ngéilliúntas don Treoir, tá na cuntais seo á n-athbhreithniú ag comhlacht inniúil agus eiseofar tuairim maidir le géilliúntas na Rialachán agus na Treorach araon.
Lámhleabhar Cuntasaíochta Bainistíochta
Ullmhaíodh lámhleabhar mionsonraithe cuntasaíochta a léiríonn an raon agus an scóip sonraí atá le bailiú chun críche na Rialachán agus na Treorach a chomhlíonadh, agus an bunús a mbeidh na sonraí á leithdháileadh/leithroinnt ar sheirbhísí. Cuireadh é sin faoi bhráid ComReg i 2011.
Léiríonn an lámhleabhar cinneadh sonraithe ioncaim agus leithroinnt costas agus prionsabail agus rialacha leithdháileadh atá leagtha amach sa Treoir.
Ráiteas Géilliúntais
Creideann na stiúrthóirí, bunaithe ar na céimeanna agus na gníomhartha thuas, go bhfuil An Post géilliúil d’fhorálacha cuí na Rialachán agus Treoir ComReg a bhaineann le Córais Chuntasaíochta An Post don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2011.
Thar ceann an Bhoird
John Fitzgerald Cathaoirleach
Donal Connell Stiúrthóir
22 Márta 2012