Táimid ag díriú i gcónaí ar an Inmharthanacht a chur i bhfeidhm go dáiríre inár straitéis gnó. Deinimid bainistiú ar an gcur chuige seo mar cehann de líon beag tionscadal straitéiseacha sa Chuideachta. Rinneadh cuid mhaith infheistíochta i bhforbairt ghairmiúil na bainistíochta agus na foirne. Tá na cláir gníomhaíochta foirne bunaithe go maith anois againn agus feabhas tagtha dá réir ar an bhfeidhmíocht.
I rith na bliana 2011 bhí muid ag obair leis an gCorparáid Idirnáisiúnta Poist (IPC) le tagarmharcanna a bhunú le haghaidh oibríochtaí An Post i gcomparáid le seirbhísí poist eile ar fud an domhain. Bhí an próiseas seo mar threoir do na feabhsúcháin atá déanta againn inár gcur chuige i leith na marthanachta.
An Láthair Oibre
Tá cur chuige dea-fhorbartha comhtháite ag an gCuideachta i leith coinníollacha oibre d’fhoireann fostaithe níos mó ná 10,000 coibhéis lánaimseartha (CLA).
Tá beartais, cleachtais agus nósanna imeachta dea-bhunaithe againn sna réimsí sláinte agus sábhailteachta ag an obair, folláine na foirne agus oiliúint agus forbairt, lena n-áirítear:
- Ráiteas Sábháilteachta atá ar taifead agus curtha in iúl
- Caighdeán córas bainistíochta OHSAS 18001/2007
- Beartas oiliúna dar teideal “Tógáil an Acmhainn Eagrúcháin”
- Scéim Oideachais agus Tacaíochta Foirne
- Beartas agus cleachtas is fearr san earnáil maidir le hIlghnéitheacht agus Comhionnanas lena n-áirítear obair chomhoibritheach leis an Údarás Míchumais.
Tugann an Fóram Lárnach Comhpháirtíochta deis rialta dúinn bualadh le hionadaithe foirne agus cumarsáid a dhéanamh leis an bhfoireann gan aird ar a ról ná ar an suíomh ina bhfuil siad.
Your Voice Matters
Rinneadh Suirbhé Foirne le tuiscint a fháil ar thaithí na foirne in An Post i láthair na huaire agus faoina bhfeasacht i leith treo straitéiseach na Cuideachta. D’fhostaigh An Post Towers Watson leis an tionscadal seo a chur i gcrích agus le hainilís agus tuarascáil a dhéanamh faoi na torthaí. Tá na torthaí curtha ar fáil go forleathan agus tá tacar tascanna comhaontaithe le tionscadail ar leith faoi stiúir ag baill den bhFeidhmeannas.
Living the Values
Clár ceardlanna foirne ar fud na Cuideachta ba ea Living the Values le cinntiú go mbeadh an fhoireann go léir feasach faoi Mhisean, faoi Fhís agus faoi Luachanna na Cuideachta agus go dtuigfí iad ag gach leibhéal. Tugadh deis sa chlár seo dúinn ár luachanna a phlé agus gníomh a dhéanamh le cinntiú go mbeimid ag cloí leo sa láthair oibre.
Bhí an clár ar siúl ó shamhradh na bliana 2009 go fómhar na bliana 2011 ar mhaithe le díospóireacht chuimsitheach a spreagadh, ionas go mbeadh tuiscint iomlán ag baill foirne ar an tábhacht a bhaineann le scoth na seirbhíse a sholáthar go leanúnach dár gcustaiméirí.
Áit an Mhargaidh
Tá An Post ag oibriú ar chaighdeán an-ard maidir le bailiú agus seachadadh poist. Is léiriú é seo ar fhócas na Cuideachta ar cháilíocht na seirbhíse, agus tá beartais agus nósanna oibre i bhfeidhm, lena n-áirítear Córas Bainistíochta Caighdeáin ISO9001 atá á bhainistiú ag an bhFoireann Cháilíochta.
Áirítear sa chóras bainistiú cáilíochta:
- Spriocanna le haghaidh feabhsú leanúnach
- Léargas ‘ó cheann go ceann’ ar thaithí an chustaiméara inár gCairt Chustaiméirí
- Nósanna imeachta sainmhínithe le haghaidh gearán
- Monatóireacht leanúnach ar fheidhmíocht seirbhíse agus ar am feithimh na gustaiméirí i línte trí shuirbhéanna Rúnsiopaeirí
- Tacaí don chustaiméir ar nós freastal ar chustaiméirí le lagéisteach.
An Comhshaol
Rinne An Post dul chun cinn mór sa bhliain 2011 sna réimsí Fuinnimh, Iompair agus Bainistiú Dramhaíle.
Déantar sonraí comhshaoil a bhailiú, a shainscagadh agus a bhainistiú go lárnach ó thaobh fheidhmíocht charbóin na Cuideachta. Déantar na sonraí seo a inchur chomh maith i gCóras Bainistiú agus Monatóireachta Comhshaoil an IPC (EMMS).
Tá tionchar carbóin oibriúcháin na Cuideachta á mheas ar bhonn bliantúil ón mbliain 2008 i leith. Cuirimid ár bhfeidhmíocht i gcomparáid gach bliain leis an IPC agus cuirtear plean gníomhaíochta bliantúil i bhfeidhm le feabhsú leanúnach a bhaint amach. Rineadh iniúchadh ar an stoc foirgneamh poiblí os cionn 1,000 méadar cearnach atá againn i rith na bliana 2011, agus bhíomar in ann Teastas Fuinneamh Taispeána a thaispeáint (DEC). Tugann an DEC cuntas cruinn don Chuideachta den tomhaltas fuinnimh atá againn agus faoinár gcleachtais bainistíochta agus cothabhála. Chuireamar Córas Bainistiú Dramhaíle (CBD) i bhfeidhm chomh maith a thugann tús áite do sheachaint dramhaíle, do laghdú, do athúsáid agus do athchúrsáil. Táimid ag obair chomh maith leis na cuideachtaí soláthar iompair atá againn le cleachtais atá báúil leis an gcomhshaol a chur chun cinn, ar nós baill foirne a oiliúint in éicea-thiomáint le tomhaltas breosla a laghdú agus bealaí seachadta a bharrfheabhsú.
Forléargas ar Úsáid Fuinnimh in 2011
Is le haghaidh téamh agus soilsiú ár n-oifigí is mó a úsáidtear fuinneamh an An Post agus le haghaidh breosla don bhflít iompair.
Sa bhliain 2011, bhí tomhaltas 134.55GW/u fuinnimh ag An Post, mar seo a leanas:
- 18.8GW/u de leictreachas
- 35.8GW/u breoslaí iontaise le haghaidh teasa agus solais
- 79.95GW/u breoslaí iontaise le haghaidh iompair
Rinneadh laghdú suntasach de 5.5GW/u ar úsáid Fuinnimh An Post anuraidh. Measaimid gur féidir 3GWh den laghdú seo a chur in aghaidh an gheimhridh chineálta a bhí ann i gcomparáid leis an mbliain 2010.
Gníomhaíochtaí a rinneadh i 2011
I rith 2011 thug An Post faoi réimse tograí le feabhas a chur ar ár bhfeidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear:
- Infheistíocht leanúnach i rialuithe feabhsaithe soilsithe i roinnt de na príomhoifigí, lena ndearnadh sábháil bhliantúil de 800 MW/u.
- Rinneadh nuachóiriú ar an gCóras Bainistiú Foirgnimh (CBF) in Ionaid Phoist Chorcaí agus Bhaile Átha Luain le rialú ár dtomhaltas fuinnimh a fheabhsú agus bhí sábháil bhliantúil 124 MW/u ann dá bharr sin.
- Rinneadh nuachóiriú ar an CBF nua rialaithe agus bhí sábháil bhliantúil de 51MW/u ann dá bharr sin.
- Le feabhsú ar chumarsáid agus feasacht foirne rinneadh sabháil bhliantúil de 1525MW/u
- Cuireadh tástáil tomhaltas breosla i gcrích don bhFlít HGV.
- Chríochnaigh 1000 tiománaí cúrsa Measúnaithe agus Oilúna
Gníomhaíochtaí atá beartaithe le haghaidh 2012
In 2012 beidh a feidhmíocht fuinnimh á fheabhsú tuilleadh ag an gCuideachta leis na tograí seo a leanas:
Bainfear deimhniúchan an chaighdeáin ISO 50001 amach le sábháil bhliantúil de 1750MW/u
Infheistíocht i nuachóiriú soilsiú i naoi n-oifig eile le sábháil bhliantúil de 500MW/u
Athbhreithniú ar úsáid fuinnimh inár n-oifigí miondíola agus forbairt ar chlár feabhsú fuinnimh don bhliain 2012/13 le sábháil bhliantúil de 50 MW/u
Beidh tograí éifeachtúlacht fuinnimh á bhforbairt go leanúnach againn mar a bhfuil oibreacha tógála ar bun, lena n-áirítear bailiú báistí, fuinneamh gréine, córas soilsithe braite gluaisteachta agus solais agus straitéisí rialaithe agus feabhsúcháin le haghaidh teasa. Tá tús curtha againn le triail struchtúrtha ar fheithiclí leictreacha atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh agus beidh 1000 tiománaí ag dul faoi Mheastóireacht agus Oiliúint.
An Pobal
Tá An Post i mbun idirphlé leis an phobal le fada trí idirghníomhaíocht ár bhfoireann Poist agus Miondíola le custaiméirí. Tá an-tionchar aige seo ar ár mBranda agus ar an léargas atá ag ár gcustaiméirí agus ag baill na foirne ar ár ról i sochaí na hÉireann. Áirítear inár gclár pobail:
- I gcomhar leis an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh (NALA) chuireamar an togra Log On, Learn chun cinn. Rinneadh tionchar na gníomhaíochta seo a thomhas gach bliain ó 2008 i leith agus bhain os cionn 13,500 duine leas ás ár bhfeachtas feasacht litearthachta le níos mó ná 30,000 daoine scothaosta agus mic léinn rannpháirteach i Log On, Learn.
-
- Tacaíocht don Rothaíocht in Éirinn ag gach leibhéal ó na lúthchleasaithe is cáiliúa go himeachtaí sluapháirtíochta pobail. Is é An Post an príomh-urraí don rothaíocht in Éirinn, lena n-áirítear rothaithe óga atá ag rásaíocht go hidirnáisiúnta le foireann Seán Kelly An Post, An Post Rás, príomhrás UCI na hÉireann, Sraith Rothaíochta An Post, ar ghlac níos mó ná 13,500 rothaí siamsaíochta páirt ann in 2011. Tacaímid le Foireann Para-Rothaíochta na hÉireann chomh maith agus iad ag ullmhú do Chluichí Londain 2012 agus do An Post Rás na mBan, príomhrás rothaíochta céime na hÉireann.
An Todhchaí
Tá dul chun cinn suntasach leanúnach á dhéanamh ag An Post agus é ag feidhmiú mar ghnó fhreagrach i dtimpeallacht dhúshlánach. Tá beartais i bhfeidhm againn i bhformhór na mbearta inmharthanachta, agus tionchar acu go léir ar chleachtas na Cuideachta.
An tAcht um Mhíchumais
Éilíonn an tAcht um Míchumais (2005) ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú thar am, go bhfuil foirgnimh agus seirbhísí inrochtaine do dhaoine faoi mhíchumais.Tá na réimsí sin d’fhoirgnimh a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu go háirithe le bheith inrochtaine faoin mbliain 2015 ar a dhéanaí. Ar an iomlán, tá ag éirí leis An Post a chuid tiomantas faoin Acht a chomhlíonadh. Feidhmítear formhór na n-oifigí poist áfach ar bhonn fho-chonradh ag máistrí agus máistreásaí poist atá ceaptha ag An Post agus níl sé de chumas ag an gCuideachta iachall a chur orthu athruithe a dhéanamh ar a n-áitribh. Tá teagmháil déanta ag An Post leo go léir; cuireadh ar an eolas iad faoi riachtanais an Achta, agus spreagadh iad chun dul i ngleic le haon fhadhb rochtana a bheadh ina n-áitribh. Éilítear ar an máistir nó ar an mháistreás poist, mar chonraitheoir i ngach conradh nua, áitribh inrochtana a sholáthar.