Achtaíodh an tAcht um Rialáil Chumarsáide (Seirbhísí Poist) 2011 (An tAcht) i mí Lúnasach 2011.
Riachtanais maidir le hOibleagáid Seirbhíse Uilíche (OSU)
Faoi Alt 17 den Acht, aimnítear An Post mar sholáthróir oibleagáid seirbhíse uilíche agus é mar oibleagáid air seirbhís uilíoch poist a sholáthar ar feadh tréimhse 12 bliain.
Faoi Alt 16 den Acht, ciallaíonn Seirbhís Uilíoch Poist go mbíonn na nithe seo ar a laghad ar fáil gach lá oibre, ach amháin i gcúinsí nó i gcoinníollacha tíreolacha a mheasann ComReg a bheith eisceachtúil:
(i) imréiteach amháin, agus
(ii) seachadadh amháin chuig baile nó áitreabh gach duine nádúrtha nó dlíthiúil, nó de mhaolú, faoi dhálaí atá faoi dhiscréid ComReg, seachadadh amháin chuig suiteáil chuí.
Beidh na bunsaoráidi seo a leanas áirithe sa tseirbhís uilíoch:
(a) imréiteach, sortáil, iompar agus dáileadh míreanna poist suasgo 2kgs;
(b) imréiteach, sortáil, iompar agus dáileadh beartáin phoistsuas go 20kgs;
(c) sortáil, iompar agus dáiliúchán beartán ó Bhallstáit eile suasgo 20kg i meáchan;
(d) seirbhísí le haghaidh míreanna cláraithe;
(e) seirbhísí le haghaidh míreanna faoi árachas laistigh den Stát agus chuig agus ó gach tír, ar sínitheoirí iad do Choinbhinsiún an Aontas Uilíoch Poist, a dhearbhaíonn go bhfuil siad toilteanach na míreanna sin a ligint isteach ar bhonn cómhalartach nó in aon treo amháin;
(f) seirbhísí poist, saor in aisce, go dhaoine dalla nó caocha.
Rochtain ar Sheirbhísí Uilíocha
Cuireann An Post a chuid seirbhísí ar fáil trína líonra de 57 oifig phost de chuid na Cuideachta, 1,099 oifig phoist faoi mháistrí post agus 175 gníomhaire poist. Chomh maith leis sin, tá ceadúnas chun stampaí poist a dhíol ag 2,234 áitreabh miondíola mar ghníomhairí ceadúnaithe gníomhacha. Le rochtain fhisiciúil ar an tseirbhís a áisiú, tá timpeall 5,000 bosca poist scaipthe ar fud an Stáit. Tá 43 pointe ainmnithe ann chun glacadh le seirbhísí poist i mbulc.
Táillí
Tá achoimre anseo thíos de phraghsanna reatha na seirbhísí caighdeánacha a mheánn suas le 50g†.
| Éire & TÉ |
Litreacha (suas go C5) |
Clúdaigh Mhóra |
Pacáistí |
Beartáin |
| Post Caighdeánach <100g |
55c |
95c |
€2.20 |
€6.50 |
| |
54c ar Cheadúnas nó Méadar |
|
|
|
| Post Cláraithe* |
€5.25 |
€5.25 |
€5.25 |
€10.50 |
* Clúdaíonn an táille atá iníoctha ar son clúdaigh bhunúsacha cláraithe cúiteamh suas go uasmhéid de €320. Tá cúiteamh breie suas le teorainn de €1,500 ar fáil ar €4 agus suas le teorainn €2,000 ar €5, bunaithe ar an luach a luaitear ag am na postála.
| Seolta Scríbe Idirnáisiúnta |
Litreacha (suas go C5) |
Clúdaigh Mhóra |
Pacáistí |
Beartáin |
Post Caighdeánach
|
82c
|
€1.50
|
€2.70
|
An Bhreatain €18.25 An Eoraip €22.00 An chuid eile den Domhan €22.00 |
Post Cláraithe *
|
€5.17
|
€5.85
|
€7.05
|
An Bhreatain €23.00 An Eoraip €27.00 An chuid eile den Domhan €27.00 |
** Braitheann soláthar na seirbhíse ar an riarachán poist sa spriocthír. Cúiteamh suas le €320 sa RA; €150 san Eoraip; €100 le haghaidh beartán agus €35 le haghaidh litreacha lasmuigh den Eoraip.
† Le héifeacht ón 1 Bealtaine 2012, tá táillí á n-athrú ag An Post sa tSeirbhís Uilíoch le haghaidh míreanna a mheánn os cionn 50gm. Níl aon athrú ar na rátaí thuas a bhaineann le míreanna a mheánn suas le 50gm.
Tá liosta iomlán táillí ar fáil in Treoir do na Táillí Poist (www.anpost.ie).
Caighdeán na Seirbhíse
Idirnáisiúnta
Shocraigh an Coimisiún Eorpach an caighdeán feabhas feidhmíochta do sheachadadh poist trasteorann sa Chomhphobal agus aistríodh go dlí na hÉireann é faoi Rialúchán 12 (2) de na Rialúcháin agus a Sceideal. Is mar seo a leanas atá an caighdeán feabhais do mhíreanna poist den earnáil chaighdeánach is tapúla:
D+3: 85% de mhíreanna; D+5: 97% de mhíreanna, nuair a thagraíonn D don lá postála.
Intíre
Éilíonn na Rialúcháin ar ComReg caighdeán feabhas seirbhíse a shocrú don tseirbhís uilíoch agus ní mór don chaighdeán a shocraítear a bheith comhoiriúnach le caighdeán na seirbhísí trasteorann sa Chomhphobal. Tá sprioc cáilíocht seirbhíse leagtha amach ag ComReg le haghaidh post tosaíochta aonair intíre mar seo a leanas:
D+1: 94% D+3: 99.5%, nuair a thagraíonn D don lá postála.
Monatóireacht ar Chaighdeán
Déanann Research International monatóireacht ar fheidhmíocht de réir spriocanna idirnáisiúnta thar ceann na Corparáide Idirnáisiúnta Poist. Déanann IPSOS MRBI monatóireacht ar chaighdeán na seirbhíse baile thar ceann ComReg. Tá sonraí na dtorthaí is déanaí ar fáil ó shuíomh idirlín ComReg www.askcomreg.ie nó ónár suíomh idirlín féin www.anpost.ie, agus tá an fheidhmíocht intíre le fail freisin ar shuíomh idirlín ComReg, www.askcomreg.ie.
Gearáin Chustaiméirí
Éilítear ar An Post taifead a choinneáil faoi ghearáin chustaiméirí le haird ar an gcaighdeán ábhartha Eorpach IS: EN 14012:2003. Maidir le post, déanann an tábla miondealú ar na gearáin scríofa a fuarthas ó chustaiméirí i rith na bliana 2011. Is cuid an-bheag den trácht iomlán poist a láimhseáladh i rith na bliana an líon atá luaite sa tábla.
|
| Gearáin a fuarthas ó chustaiméirí i scríbhinn: |
|
| Míreanna caillte nó faoi mhoilliú mór |
20,350 |
| Míreanna a ndearnadh dochar dóibh |
887 |
| Míreanna a tháinig go déanach |
1,059 |
| Bailiú nó seachadadh poist: |
|
Am seachadta Teip ó thaobh seachadadh laethúil a dhéanamh ar theach nó ar áitreabh Teipeanna ó thaobh amanna bailithe
|
413 270 1 |
| Mísheachadadh |
454 |
| Rochtain ar fhaisnéis seirbhísí custaiméara |
4 |
| Gearríoc poist |
25 |
| Táillí le haghaidh poist aonphíosa/ scéimeanna agus coinníollacha lacáiste |
0 |
| Athrú seoladh (Atreorú) |
1,271 |
| Iompar agus cumas phearsanra poist |
23 |
| Mar a phléitear le gearáin |
0 |
| Eile (nach bhfuil áirithe thuas) |
3,082 |
|
|
| Iomlán |
27,839 |
Tá gearáin faoi mhíreanna cláraithe, ar 7,949 a líon, áirithe sa bhfigiúr iomlán thuas.
Rinneadh 511,827 nglaoch teileafóin ar Sheirbhísí do Chustaiméirí An Post i 2011. Gnáthfhiosrúcháin nó fiosrúcháin ghinearálta seachas gearáin ba ea a bhformhór. I rith na bliana seo, rinneadh lárnú ar línte teileafóin na nAonad Seachadta san Ionad Seirbhísí do Chustaiméirí agus tá seirbhís níos caighdeánaithe agus níos comhordaithe ann do na custaiméirí dá bharr sin.
Faisnéis Bhreise
Tá breis faisnéise maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn An Post ar fáil ach glaoch ar Seirbhísí Custaiméara An Post ar líne Ghlao Sábhála 1850 57 58 59, ar ríomhphost ag customer.services@anpost.ie, ag an suíomh idirlín www.anpost.ie, nó trí ghlaoch isteach i d’oifig poist áitiúil.