Aimsigh do spriocmhargadh sa bhaile agus thar lear
An dteastaíonn uait custaiméirí a fháil thar lear? An bhfuil tú ag iarraidh díriú ar chustaiméirí Éireannacha as thar lear?
Is féidir leat seirbhís a oireann do na riachtanais atá agat a roghnú as seirbhísí oiriúnaithe éagsúla. Is féidir leat teacht ar do chustaiméirí agus díriú ar chustaiméirí nua ar bhealach cost-éifeachtúil trí úsáid a bhaint as ár seirbhísí poist Idirnáisiúnta.
Post Amach
- Le Standard Post is féidir earraí a chur ar fud an domhain.
- Féach ar na Lascainí Idirnáisiúnta atá ar fáil uainn do chustaiméirí a dhéanann postáil i mbulc chuig cinn scríbe idirnáisiúnta
- An bhfuil seoladh Éireannach ag teastáil uait? Oscail Bosca PO inniu nó labhair linn faoi úsáid a bhaint as ár Seirbhís Seachadta Ar Aghaidh le haghaidh do ghnó
- Faigh amach faoinár gCaighdeán Seirbhíse le haghaidh poist amach
- An bhfuil bealach éasca ag teastáil uait chun freagra a fháil ó do chustaiméirí?
Bain úsáid as ár Seirbhís Freagairt Gnó Idirnáisiúnta.
- Lean lorg d'earra
Post Isteach
- Nuair a bhíonn do phost tagtha go hÉirinn is féidir leat aon cheann dár roghanna Post Caighdeánach a úsáid chun do phost a thabhairt chuig a cheann scríbe
- Féach ar na Bulc-lascainí intíre atá ar fáil duit. Cuireann siad seo cruth agus cuma áitiúil ar earraí poist
- An bhfuil Irisí nó tréimhseacháin á seoladh agat? Bain leas as na rátaí lascaine do na hearraí seo.
- Cuirimid Réitigh Iontrála Díreacha ar fáil i gcomhar lenár gcomhpháirtithe straitéiseacha sa RA
- Faigh amach faoinár gCaighdeán Seirbhíse le haghaidh poist isteach
- Lean lorg d'earra
An Cleachtas is Fearr
- Faigh amach faoi Riachtanais Láithriúcháin An Post agus déan cinnte go mbaineann tú an leas is fearr as do chuid poist.
- Tá srianta áirithe ar na nithe is féidir leat a sheoladh nó a fháil sa phost. Tá sonraí breise ar fáil in (fuinneog nua pdf, 2 mb) Treoir na Seirbhísí Poist.
An Post Idirnáisiúnta
- Faigh tuairimí ár gcuid custaiméirí in Teistiméireachtaí ár gCustaiméirí
- Le déanaí bhuaigh An Post gradam IPC le haghaidh Feabhas in amanna seachadta Idirnáisiúnta.
- Déan teagmháil le An Post Idirnáisiúnta le fáil amach conas is féidir linn obair in éineacht le do ghnó chun réitigh idirnáisiúnta a chruthú.