Conas a Oibríonn an tseirbhís?
Nuair a bhíonn earraí á seoladh chuig na daill nó le haghaidh a n-úsáide, marcáil go soiléir dá réir iad. Seol an t-earra, agus déanfaimidne an chuid eile.
Céim ar chéim
Ceadaíonn An Post duit earraí ina bhfuil litríocht agus ábhair áirithe atá oiriúnaithe do na daill a sheoladh saor in aisce.
Cá bhfuil tú ag seoladh an earra:
Intíre
Idirnáisiúnta
An bhfuil srianta meáchain agus méide ann?
Meáchan: suas le 7kg
Tá toisí méide le haghaidh
Litir/Cárta Poist, Clúdach Mór agus Paicéad i bhfeidhm
Náisiúnta
Cad is féidir a sheoladh?
Pacáiste ina bhfuil litríocht agus ábhair áirithe atá oiriúnaithe do na daill, lena n-áirítear:
- Leabhair agus páipéir, lena n-áirítear litreacha chuig nó ó dhaoine dalla atá múnlaithe nó ullmhaithe ar bhealach eile le haghaidh úsáid na ndall.
- Páipéar postáilte chuid aon duine lena mhúnlú nó a ullmhú do na daill
- Léarscáileanna rilífe
- Meaisíní, frámaí agus ceangaltáin chun múnlú a dhéanamh le haghaidh úsáid na ndall
- Frámaí scríbhneoireachta agus ceangaltáin
- Boird agus pionnaí Braillette
- Áiseanna teagaisc Braille
- Féadfaidh tú socruithe ar leith a dhéanamh leis An Post chun ábhar atá deartha nó oiriúnaithe go speisialta do na daill a sheoladh, lena n-áirítear:
- Cluichí, lena n-áirítear cluichí cártaí
- Áiseanna agus ceangaltáin matamaitice
- Forchlúdaigh, lipéidí agus clúdaigh atá le húsáid ar phacáistí do na daill.
- Uaireadóirí, cloig agus uaineadóirí Braille
- Uirlisí, áiseanna agus gléasanna beachta
- Rialóirí agus tomhaiseanna
- Maidí siúil rannacha nó ilfhillte
- Taifid ghutha ar dhioscaí, scannáin, téip nó sreang de leabhair, nuachtáin, irisí srl, agus an trealamh chun na taifid seo a sheinm.
- Plátaí miotail múnlaithe nó seolta le bheith múnlaithe ar son úsáide ag na daill
Úim le haghaidh madraí treorach
Idirnáisiúnta
Cad is féidir liom a sheoladh?
- Litríocht mhúnlaithe i mBraille nó i gcló speisialta eile le haghaidh úsáid na ndall - plátaí, páipéir d'aon chineál, tréimhseacháin, leabhair
- Litreacha atá múnlaithe ar an gcaoi céanna
- Taifid fuaime curtha chuig nó ag daoine dalla
- Plátaí chun cabhraíocht a dhéanamh ar litríocht do na daill
- Taifid ghutha agus páipéar speisialta le haghaidh úsáid na ndall amháin. Ní mór dóibh a bheith seolta ag nó seolta chuig foras do na daill a bhfuil aitheantas oifigiúil aige.
An chéad chéim eile
Déan cinnte de go seoltar pacáistí gan chlúdach nó i gclúdach atá furasta a bhaint le haghaidh scrúdúcháin sa chóras náisiúnta poist.
Déan cinnte de go mbíonn na pacáistí marcáilte mar seo a leanas:
- "Ábhair do na Daill" - seirbhísí poist intíre
- "Cécogramme (BLIND LITERATURE) - Seirbhísí poist idirnáisiúnta
Téarmaí agus Coinníollacha
Seirbhísí Poist Intíre
Coinníollacha postála:
- Ní bheidh i bpacáiste ach ábhair mar atá luaite thuas, le haghaidh úsáid na ndall, seachas lipéad a thaispeánfaidh ainm agus seoladh an duine ar féidir an pacáiste a sheoladh ar ais chuige/chuici.
- Ní bheidh cumarsáid ná inscríbhinn i bpacáiste, i scríbhinn ná i ngnáthchló seachas teideal, dáta foilsithe nó déantúsaíochta, sraith-uimhir, ainm agus seoladh an chlódóra, an fhoilsitheora nó an déantúsóra, praghas agus clár ábhair an leabhair nó an pháipéir agus gluais nó treoracha maidir le húsáid aon chineál ábhair atá sa phacáiste.
- Ar an taobh amuigh beidh an inscríbhinn "Ábhair do na Daill" agus ainm scríofa nó clóbhuailte an tseoltóra.
- Seolfar pacáiste gan chlúdach nó i gclúdach ar féidir é a bhaint go héasca le haghaidh scrúdúcháin.
- Muna gcomhlíontar na coinníollacha seo thuas gearrfar táille ar an bpacáiste mar earra nár íocadh go leor as. Chomh maith leis an bpostas easnamhach cuirfear táille láimhseála i bhfeidhm.
Seirbhísí Poist Idirnáisiúnta
Coinníollacha
- Ní mór "Cécogrammes" (BLIND LITERATURE) a bheith marcáilte go soiléir ar an gcúinne thuas ar dheis ar thaobh an tseoladh den phacáiste.
Gluais
- Pacáiste
- Postáil intíre
- Seirbhísí poist intíre
- Seirbhísí Poist Idirnáisiúnta
- Post Idirnáisiúnta