- déan ranníocaíochtaí seachtainiúla ar son do chuid billí
An bhfaigheann tú íocaíochtaí Leasa Sóisialaigh? Féadfaidh tú costas do chuid billí teaghlaigh a leathadh amach trí shuimeanna rialta a íoc ar son do chuid billí, go díreach as do chuid íocaíochtaí seachtainiúla Leasa Sóisialaigh, trí Bhuiséad Teaghlaigh.
Cad atá sa Bhuiséad Teaghlaigh?
Is áis é an Buiséad Teaghlaigh a thugann deis do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí áirithe Leasa Sóisialaí suimeanna a íoc go rialta ar son billí éagsúla teaglaigh le hasbhaintí rialta as a gcuid íocaíochtaí.
Cad iad na billí is féidir a íoc?
- Íocaíochtaí na nÚdarás Áitiúla
- Electric Ireland
- Fuinneamh Bord Gáis
- eircom
Nuair a bhíonn tú ag beartú cé mhéid a íocfaidh tú gach seachtain, cuimhnigh ar na nithe seo a leanas:
- Go mbeidh an íocaíocht is lú atá luaite á déanamh agat do gach cineál bille (féach na Treoracha maidir le hAsbhaintí)
- Nach mbeidh iomlán na n-íocaíochtaí níos mó ná 25% de do bhuníocaíocht Leasa Sóisialaí.
Treoracha maidir le hasbhaintí
- Údaráis Áitiúla
Le haghaidh cíos / ceannach tionónta / morgáiste beidh an méid a asbhaintear gach seachtain cothrom le do chíos seachtainiúil / ceannach tionónta / morgáiste. Má bhíonn riaraistí ort iarr ar d'oifigeach tithíochta áitiúil an asbhaint a údarú.
- Soláthar Custaiméirí BSL
€3.50 sa tseachtain an t-íosmhéid atá i bhfeidhm.
- Fuinneamh Bord Gáis
Beidh an íosíocaíocht sheachtainiúil le Fuinneamh Bord Gáis ag brath ar an táille a bhaineann leat féin, ach déantar íocaíocht €4.00 ar a laghad sa tseachtain.
- Tá íosíocaíocht €3,50 sa tseachtain i bhfeidhm.
Conas Cuntas a oscailt?
Níl le déanamh ach Foirm an Treoir um Asbhaint Buiséad Teaghlaigh a chomhlánú do gach bille ar mian leat ranníocaíocht a dhéanamh ar a shon, agus é a sheoladh le Saorphost chuig:
Buiséad Teaghlaigh
An Post 3D
Ard-Oifig an Phoist
Freepost
Baile Átha Cliath 1
Beidh suas le 21 lá ag teastáil chun do threoracha asbhainte a phróiseáil.
Cuirfear na híocaíochtaí asbhainte ar aghaidh chuid an eagraíocht chuí laistigh de 4 lá oibre ón uair a fhaightear d'íocaíocht sheachtainiúil in Oifig an Phoist.
Conas Asbhaintí a Chur leis, a Leasú nó a Chealú?
Comhlánaigh Foirm Asbhaint Buiséad Teaghlaigh nua agus cuir ar ais chugainn i Saorphost í.
Ní mór fógra 2 sheachtain a thabhairt i scríbhinn chun asbhaint a chealú.
d'ainm, do sheoladh agus d'uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP)
sonraí na n-asbhaintí ar mian leat iad a chealú (lena n-áirítear uimhir chuntais). Cuirfear na hasbhaintí ar ceal laistigh de 2 sheachtain tar éis an fófra cealaithe a bheith faighte.
Téarmaí agus Coinníollacha
- Cuireann An Post an tseirbhís seo ar fáil thar ceann an Aire Coimirce Sóisialta. Tá sé ar fáil dóibh siúd a fhaigheann íocaíochtaí Leasa Sóisialaigh.
- Ní féidir iarratas a dhéanamh ar Bhuiséad Teaghlaigh ach amháin má tá d'íocaíocht Leasa Sóisialaigh á ndéanamh tríd An Post.
- Mura mbíonn do leibhéal íocaíochta Leasa Sóisialaí dóthanach chun do chuid asbhaintí uile a íoc gach seachtain, déanfaidh An Post asbhaintí suas do uasmhéid de 25% den íocaíocht sheachtainiúil ag an ráta comhréidh. Beidh sé seo bunaithe ar thosaíocht a thabhairt d'íocaíochtaí na nÚdarás Áitiúla.
- Má tá íocaíocht Leasa Sóisialaí déanta ag an Aire Coimirce Sóisialta leis An Post, beidh uasdliteanas An Post i leith cailliúint agus damáiste díreach a eascraíonn má theipeann air asbhaint a dhéanamh as íocaíocht Leasa Sóisialaigh cothrom le méid na hasbhainte atá i gceist. Ní bheidh aon dliteanas ar An Post i leith caillteanas iarmhartach nó damáiste a eascraíonn má theipeann air asbhaint a dhéanamh as íocaíocht Leasa Sóisialaigh.
Foirmeacha Iarratais
- Buiséad Teaghlaigh
- Foirm um Threoir Asbhainte