Matamaitic
Cúrsaí airgid
Cúrsaí airgid
Cuirfidh na gníomhaíochtaí matamaitice agus tíreolaíochta seo airgeadraí éagsúla os comhair na ndaltaí agus cabhróidh siad lena dtuiscint a fhorbairt ar an tábhacht a bhaineann le hairgead a chur i dtaisce. Iarrtar ar na daltaí na hairgeadraí atá meaitseáilte le liosta tíortha éagsúla a ainmniú.
Comhtháthú leis an gcuraclam
Comhtháthaíonn an ghníomhaíocht le codanna de Churaclam Matamaitice na Bunscoile tríd taithí a thabhairt do na daltaí tomhais a aithint agus a thuiscint mar a úsáidtear iad go laethúil (airgead) agus tríd taithí a thabhairt dóibh airgeadraí eile a aistriú go euro agus a mhalairt.
The cost of post
Is bealach iontach iad na gníomhaíochtaí matamaitice seo le tábhacht na matamaitice sa ghnáthshaol a léiriú do dhaltaí. Tá roinnt ceisteanna ar an mbileog oibre seo thíos a dhéanann tástáil ar chumas léitheoireachta agus ar chumas cognaíoch na ndaltaí, chomh maith le tástáil a dhéanamh ar a gcumas le fadhbanna matamaitice a oibriú amach.
Comhtháthú leis an gcuraclam
Comhtháthaíonn an ghníomhaíocht le codanna de Churaclam Matamaitice na Bunscoile tríd taithí a thabhairt do na daltaí tomhais a aithint agus a thuiscint mar a úsáidtear iad go laethúil (airgead) agus tríd taithí a thabhairt dóibh méideanna airgid a thaifeadadh mar cent agus euro.
Getting a passport
Cabhróidh an ghníomhaíocht agus na ceisteanna seo a bhaineann le Pas nua a fháil leis na daltaí scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta, cuntais agus suimithe a fhorbairt. Cabhróidh na gníomhaíochtaí breise leo a dtuiscint ar thíortha eile a fhorbairt. Cruthaíonn na daltaí pas do Rás Ruairí agus téann siad i ngleic le roinnt fadhbanna matamaitice ansin.
Comhtháthú leis an gcuraclam
Comhtháthaíonn an ghníomhaíocht le codanna de Churaclam Matamaitice na Bunscoile tríd taithí a thabhairt do na daltaí tomhais a aithint agus a thuiscint mar a úsáidtear iad go laethúil (airgead) agus tríd taithí a thabhairt dóibh coincheapa agus próisis mhatamaitice a chur i bhfeidhm.